Seo réamhfhógra go bhfuil ár suíomh PEIG.ie ag athrú a ainm go scéal.ie an bhliain seo.
Mothaímid go léiríonn an t-ainm nua fís agus cuspóir an tsuímh i mbealach an-soiléir agus gonta, cé go mbeimid brónach slán a fhágáil leis an ainm PEIG.ie, a d’fhreastail go hiontach orainn ó chuireadh tús leis an suíomh i mí Lúnasa 2014.
Ar nós PEIG, leanfaidh scéal.ie ar aghaidh mar lárphointe eolais na Gaeilge, ag roinnt na scéalta is mó maidir le himeachtaí, folúntais, agus nuacht as Gaeilge libh. Bí ag súil le feabhsúcháin agus forbairtí éagsúla ar an suíomh freisin, mar pháirt den athainmniú.
Mar eolas, má tá aon naisc chuig leathanaigh ar PEIG.ie ar shuíomhanna nó ar ardáin eile tar éis an ainm a bheith athraithe, déanfar atreorú uathoibríoch go dtí na leathanaigh chuí ar scéal.ie.
Níl dáta socruithe fós don athainmniú ach cuirfear aon uasdátú ar an leathanach seo, agus ar ár n-ardáin eile, nuair atá sé againn.
Bí i dteagmháil linn freisin le haon cheist ag peig@cnag.ie.