Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cineál poist: Téarma Seasta

Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Cheann Trá

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Cheann Trá, Ionad Chaitlín Naofa, Ceann Trá, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 H4CA.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú sa ról go dtí an 19/06/2026.

Tuilleadh anseo

Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Scoil Mhuire, Corr na Móna

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM Naíonra Scoil Mhuire, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Tuilleadh eolais

Múinteoir Ranga Bunscoile

Tá múinteoir bunscoile, Rang 2, ag teastáil i nGaelscoil na gCloch Liath, Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin (A63 AN22).
Tá an folúntas seo le líonadh láithreach, agus mairifidh an ról go deireadh na bliana seo (25/6/26).
Scoil bhreá le háiseanna den scoth, laistigh agus lasmuigh. Fáilteofr roimh léiriú spéise uathu siúd atá cáilithe mar mhúinteoir, agus uathu siúd gur spéis leo dul ag an múinteoireacht.
Beidh grinnfhiosrúchán na nGardaí ag teastáil, agus uimhir ón gComhairle Múinteoireachta sula dtosaítear ag obair sa scoil.
Tá an scoil lonnaithe sna Clocha Liatha, ó dheas ó Bhaile Átha Cliath, bíonn cuid dár bhfoireann ag taisteal ó BÁC, cuid eile ó Loch Garman.

Múinteoir Gaeltachta

Teideal an Phoist: Múinteoir Gaeilge – Cúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht
Suíomh: Coláiste Mhuire, Loch an Iúir
Tréimhse: Cúrsa A – 24 Meitheamh – 8 Iúil / Cúrsa B 8 Iúil – 22 Iúil / Cúrsa C 22 Iúil – 5 Lúnasa
Tuarastal: Ag brath ar pholasaí an choláiste

Forbhreathnú ar an Ról
Beidh an múinteoir freagrach as ranganna Gaeilge a theagasc do dhaltaí dara leibhéal atá páirteach i gcúrsa samhraidh sa Ghaeltacht. Tá an ról dírithe ar an teanga a chur chun cinn trí fhoghlaim chuimsitheach, idirghníomhach agus spraíúil, i dtimpeallacht lán‑Ghaeilge.
Príomhfhreagrachtaí

Ranganna Gaeilge a ullmhú agus a theagasc do ghrúpaí de dhaltaí (bunleibhéal go hardleibhéal).
Timpeallacht thumthach Ghaeilge a chothú i gcónaí, sa seomra ranga agus lasmuigh de.
Cleachtaí cumarsáide, gramadaí, cultúir agus comhrá a fhorbairt agus a éascú.
Cabhrú le hobair mheasúnaithe, scrúduithe béil, agus tuairiscí ar dhul chun cinn.
Comhoibriú le foireann an choláiste: cinnirí, bean an tí, bainistíocht agus foireann tacaíochta.
Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim mar cheol, damhsa, cluichí, tráth na gceist, agus eachtraí cultúrtha.
Caighdeán ard Gaeilge labhartha agus scríofa a léiriú agus a spreagadh i measc na ndaltaí.
Sábháilteacht agus folláine na ndaltaí a chinntiú i gcomhréir le polasaithe cosanta leanaí.

Tuilleadh anseo

Ionadaí i Naíonra na Dromad

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Ionadaí i Naíonra na Dromad, Cillín Liath, Máistir Gaoithe, Cill Airne, Co. Chiarraí.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a 5 i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.

Spriocdháta oscailte

Tuilleadh eolais

Oibrí Naíolainne in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Naíolainne in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine

Tuilleadh eolais anseo

Spriocdháta oscailte

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta