Príomh-Múinteoir Luathbhlianta Naíonra Ghort an Choirce
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Príomh-Múinteoir Luathbhlianta Naíonra Ghort an Choirce, An Scoil Bheag, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall F92Y44Y
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Ciara Nic Aoidh Oifigeach Forbartha CNNG, roimh an 22/06/2026.
Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie











