Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cineál poist: Sealadach

Poist Mhúinteoireachta Iar-Bhunoideachais

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag glacadh le hiarratais do na folúntais mhúinteoireachta seo a leanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn don bhliain acadúil 2026/2027 laistigh de scoileanna T1 sa chás gurb í an Ghaeilge teanga na scoile i.e. scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid Ghaeilge.

Liosta Scoileanna Oileáin Árann, Scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí laistigh de réimse feidhmiúcháin an GRETB.

* Coláiste Naomh Eoin Inis Meáin, Oileáin Árann

* Coláiste Ghobnait Inis Oírr, Oileáin Árann

* Coláiste Naomh Éinne Inis Mór, Oileáin Árann

* Coláiste na Coiribe Bóthar Bhaile na mBúrcach, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

* Coláiste an Eachréidh Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe

* Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

* Coláiste na bPiarsach Ros Muc, Co. na Gaillimhe

* Coláiste Naomh Feichín Corr na Móna, Co. na Gaillimhe

Teideal an Phoist: Múinteoir Iarbhunscoile

An Cineál Fostaíochta: Téarma Socraithe Pro Rata, Sainchuspóir lán-ama/páirtaimseartha.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta