Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cineál poist: Buan

Aistritheoir Gaeilge Lánaimseartha – Obair Chianda

MAIN PURPOSE OF JOB

As a Translator at Welocalize, you play a central role in our success. Specializing in software localization and technical translation, you help bring IT products to global audiences. You’ll join a community that makes up nearly 40% of our workforce, and your expertise and performance directly impact our overall results.

MAIN DUTIES

  • Perform translations in various translation tools for assigned clients and projects
  • Translate various types of content, e.g. marketing, help, UI, or regulated content
  • Support the team with copy-edit tasks on selected content types
  • Master the standard CAT tools and tools associated with translation work for internal clients (e.g. tools for creating queries or checking the live UI elements)
  • Precisely follow the established translation process, e.g. always raise queries when there is a need to
  • Precisely follow the style guide and overall client requirements
  • Improve based on the corrections made by senior team members as well as the client reviewers
  • Keep track of personal error statistics and work on the weak spots
  • Take part in the internal trainings and the ones organized by the clients
  • Participate in the error arbitration process
  • Meet the KPIs in terms of productivity, on time delivery and quality
  • Take part in the internal quality meetings and the quality calls organized by the client for the whole team
  • Meet the goals set by the team manager

REQUIREMENTS

  • Education Level: University degree in Translation/Applied Languages or equivalent combination of education and experience
  • Fluent in Irish and English, both written and spoken
  • A minimum of 2 years of experience in translation/localization/editing or content writing
  • Good understanding of the localization process
  • Good user experience of standard software and CAT tools

EMPLOYMENT DETAILS

  • Remote in Ireland, Italy, the UK, Greece, Romania, France, and Germany
  • Full-time (M-F, 09:00-18:00)
  • Permanent, in-house position
  • Compensation: €32,000-€40,000 gross per year (based on experience)
  • Note: We are open to hearing and understanding our candidates’ expected salaries.

Learn more here: https://jobs.lever.co/weloglobal/8d0cbe66-c4aa-4000-b29a-ddaf965e1c18

Poist san earnáil Luathbhlianta le Comhar Naíonraí na Gaeltachta

An bhfuil tú ag lorg post san earnáil Luathbhlianta? Má tá, tá deiseanna iontacha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall, i gCiarraí, i gCorcaigh agus an Mhí!

Tá muid ag lorg:

  • Múinteoirí Luathbhlianta
  • Oibrithe Luathbhlianta
  • Oibrithe Iarscoile
  • Bainisteoir / Maoir

Cén fáth CNNG? Forbairt ghairmiúil, Pá samhraidh agus rátaí pá den scoth, Pinsean, Obair shásúil, agus fhiúntach!

Teagmháil: foluntas@cnng.ie

Gach eolas ag www.cnng.ie

Bainisteoir Chomhar Caomhán Teo, Inis Oírr

Is comharchumann forbartha pobalbhunaithe é Comhar Caomhán, bunaithe in 1971 chun freastal ar riachtanais mhuintir an oileáin. Tá an eagraíocht faoi mhaoiniú Údarás na Gaeltachta agus tá sí freagrach as seirbhísí éagsúla a chur ar fáil ar an oileán agus tionscadail a chur chun cinn ar mhaithe le cultúr, oidhreacht agus inbhuanaitheacht an oileáin mar phríomhcheantar Gaeltachta a chaomhnú.

Beidh an bainisteoir mar cheannaire ar an eagraíocht uilig agus freagróidh sé/sí do choiste stiúrtha an chomharchumainn agus do na scarsealbhóirí.

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Chomhar Caomhán Teo in Inis Oírr. Beidh ar an té a cheapfar an post a chomhlíonadh le linn uaireanta oifige ón Luan go dtí an Aoine.

Má tá aon cheisteanna agat faoin bpost, is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig 086 830 7159 nó glaoch ar 099 75008.

Déanfar measúnacht ar na hiarratasóirí trí agallamh as Gaeilge amháin.

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig bainisteoir@discoverinisoirr.com roimh 5 p.m. ar an 18 Meán Fómhair 2026.

Sonraí

  • Tuarastal tosaigh: €50,000 – €55,000 ag brath ar thaithí;
  • Conradh lánaimseartha agus buan;
  • Solúbthacht áirithe ó thaobh na cianoibre.

Riachtanais agus Dualgais an Phoist

  • Plean forbartha a chur i bhfeidhm agus forbairtí ar an oileán a chur i gcrích;
  • Plé le rannóga agus eagraíochtaí Stáit;
  • Iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú agus ar scéimeanna Stáit;
  • Foireann an chomharchumainn a bhainistiú;
  • Buiséad bliantúil a chur le chéile agus a riaradh;
  • Feidhmiú go laethúil trí mheán na Gaeilge;
  • Oibriú le coiste an chomharchumainn agus na fochoistí éagsúla;
  • Gníomhaíochtaí agus forbairtí pobail a spreagadh agus a chothú;
  • Tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí forbartha agus cultúrtha;
  • Cabhrú le cur chun cinn na Gaeilge agus feidhmiú an phlean teanga ar an oileán;
  • Freastal ar chruinnithe ar an mórthír;
  • Ardchaighdeán Gaeilge idir scríofa agus labhartha;
  • Cáilíocht tríú leibhéal;
  • Taithí ar chórais riaracháin agus airgeadais;
  • Scileanna maithe bainistíochta, cumarsáide agus idirphearsanta;
  • Taithí ar fhorbairt phobail;
  • Scileanna maithe ríomhaireachta, na meáin shóisialta san áireamh;
  • Cumas oibriú as a stuaim féin;
  • Scéimeanna éagsúla a bhainistiú.

Inmhianaithe

  • Ceadúnas tiomána agus teacht ar charr ar an mórthír

Foirm iarratais ar fáil anseo

Oibrithe Barista do thrucail caife Blaisín

Tá Comharchumann Shailearna Teo. ag lorg iarratais do dhá phost páirtaimseartha mar oibrithe barista i mBlaisín (Trucail caife).

Bheadh sé mar bhuntáiste do na hiarrthóirí:

  • Taithí san earnáil bhia (Barista) a bheith acu
  • Cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia & Sláinteachas (HACCP) nó a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach.

Cuirfear deiseanna traenála san earnáil (Barista) ar fáil más gá do na daoine a cheapfar sna poist.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Ráta pá: €15 – €17 san uair ag brath ar thaithí agus dualgais na bpoist.

Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@cst.ie nó glaoch ar (091) 399 199.

Ba cheart litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh roimh an 5:00i.n., Dé hAoine 18ú Meán Fómhair 2026 chuig oifig@cst.ie nó chuig:

An Bainisteoir
Comharchumann Shailearna Teo.,
Na hAille,
Indreabhán,
Co na Gaillimhe

Comhordaitheoir Pleanála Teanga

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan),Tagairt: OFPT/0726

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Béal Feirste.

Is é an raon tuarastail don phost ná: £37,694-£38,990 (Grád: Oifigeach Foirne)

D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.

FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS
Íoslódáil díreach ó: http://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/

TUILLEADH EOLAIS:
T: (00353) (01) 639 8412
R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA:
Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X2

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, na ceapacháin seo a leanas a dhéanamh.

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X2, Tagairt: AOFPT/0626

Beidh ról amháin lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath agus an ról eile in oifigí Fhoras na Gaeilge, Gaoth Dobhair.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €57,173- €72,829 (Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin)

D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear na poist a thairiscint ag bun an scála.

FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS
Íoslódáil díreach ó: http://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/

TUILLEADH EOLAIS:
T: (00353) (01) 639 8412
R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA:
Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026

Ardoifigeach Feidhmiúcháin atá Líofa sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Tá daoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an díograis chuí acu chun glacadh le ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) atá Líofa sa Ghaeilge á lorg ag an Státseirbhís anois. Thabharfadh an ról deis iontach do dhaoine cumasacha, díograiseacha, ar mhaith leo dul i ngleic le dúshláin nua, obair fhiúntach a dhéanamh agus difríocht a dhéanamh ar mhaithe le leas Stát agus mhuintir na hÉireann.

Meánbhainisteoirí a bhfuil taithí acu is ea AOFanna agus tá ról lárnach acu maidir le foirne a threorú, soláthar a bhainistiú agus tacú le tosaíochtaí roinne agus trasrialtais agus bíonn siad in ann tabhairt faoi na dualgais ar fad a thugtar dóibh trí mheán na Gaeilge. Agus iad ag obair faoi Phríomhoifigeach Cúnta, bíonn ról tábhachtach ag AOFanna maidir le polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm agus maidir le seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann.

Tá folúntais i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair.

Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a cheapfar:

  • Ardleibhéal líofachta sa Ghaeilge, ag leibhéal B2, ar a laghad.
  • Taithí ábhartha trí bliana, ar a laghad, ar bhainistíocht.
  • Tá na bunriachtanais eile leagtha amach sa Leabhrán Eolais faoin Ról.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar: https://bit.ly/SCE_Ad_HEOGAE

Is é 3i.n. Déardaoin an 17 Meán Fómhair 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.

Tá muid tiomanta do chomhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.

Ceannaire Teicniúil Sinsearach

Is cuideachta Bh2B Éireannach seanbhunaithe san earnáil feithicleach í Autobiz, atá ag dul isteach i gcéim uaillmhianach fáis. Táimid ag leathnú ár margadh, ag forbairt ár mbonneagair dhigiteach agus ag nuachóiriú ár n-ardáin ghréasáin do dhíoltóirí.

Táimid ag lorg Ceannaire Teicniúil Sinsearach atá ina fhíor-ilchumasóir. Is duine thú a éiríonn go maith leis i dtimpeallacht ghnó bheag atá ag athrú go tapa, áit a bhfuil solúbthacht agus cumas fadhbanna a réiteach ríthábhachtach. Beidh tú mar phríomhcheannaire teicniúil inár n-oifig i mBearna, ag feidhmiú mar an nasc idir an Stiúrthóir Bainistíochta agus ár bhfoireann innealtóireachta inmheánach atá lonnaithe in áiteanna éagsúla.

Is foireann bheag, dhlúth muid i mBearna. Cuirimid luach ar dhaoine a ghlacann tionscnamh, a oibríonn go neamhspleách agus atá in ann dul in oiriúint do riachtanais nua de réir mar a thagann siad chun cinn. Ní ról é seo do dhuine ar mian leis díriú ar réimse amháin; beidh tú páirteach i réimse leathan tionscadal agus ag tacú le forbairt an ghnó ina iomláine.

Tuilleadh eolais anseo.

Seol do CV agus litir chumhdaigh chuig: careers@autobiz.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta