Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Job Category: Príomhoideacht

Príomhoide scoile

Is scoil Ghaeltachta i Scoil Náisiúnta Inis Chléire atá lonnaithe ar oileán agus a bhain amach Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i 2024. Is scoil le héiteas Caitliceach í an scoil seo. Is deis ar leith í seo don té a cheapfar, cónaí i bpobal beag ar oileán álainn. Eispéireas saibhriúcháin a bheidh ann.

Is mian linn duine cumasach, fuinniúil agus solúbtha a cheapadh mar phríomhoide scoile. Ní mór go mbeidh sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide agus bainistíocht foirne ag an duine a cheapfar. Beidh fís láidir ag an té a cheapfar maidir leis an nGaeilge, leis an gcultúr gaelach agus ar conas daonra na scoile a mhéadú. Beidh caighdeán ar líofachta I nGaeilge riachtanach le dul i mbun an phost seo. Caithfear cáilíocht aitheanta in Oideachas Reiligiúnach a bheith ag an té a cheapfaí.

Déanfar ceapachán de réir riachtanais Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda mar atá leaghta san ROS Ciorcaláin 0031/2016 agus beidh Scagadh Sláinte Ceirde riachtanach.

Post ag tosú 13 Aibreán 2026.

Riachtanais iarratais

  • Ráiteas
  • Litir iarratais
  • Moltóirí (ainm, ról, sonraí teagmhála)
  • Cóip de theastais, dhioplómaí, chéimeanna
  • Clárúchán leis an gComhairle Múinteoireachta
  • Foirm iarratais

Déan iarratas chuig:

Scoil Náisiúnta Inis Chléire
Oiléan Chéire
An Sciobairín
Co. Chorcaí
P81 FY05

Aon cheist, déan teagmháil le inischleire2020@gmail.com

 

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta