Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Job Category: Cúntóireacht

Cúntóir Ranga Rang 5 agus Rang 6

Cuireann Bord Bainistíochta Scoil Chrónáin fáilte roimh iarratais do phost mar chúntóir ranga. Is bunscoil Lán-Ghaelach í Scoil Chrónáin. An sprioc atá ag an scoil ná an Ghaeilge agus an Cultúr Gaelach a chur chun cinn agus sároideachas bunscoile trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil do dhaltaí an cheantair. Cuirtear an páiste i gcroílár gach rud a dhéantar sa scoil.

Tá an scoil faoi phátrúnacht Ardeaspag Bhaile Átha Cliath agus ní mór d’iarratasóir tiomantas d’éiteas na scoile a léiriú.
Is post ar théarma seasta é an post seo. Beidh gnáthuaireanta scoile, 9:00 – 2:40 i gceist sa ról seo, 3 lá in aghaidh na seachtaine, Máirt, Céadaoin agus Déardaoin. Beifear ag súil go mbeifear ar fáil roimh am scoile, agus ina dhiaidh más ann dó. Is le páistí Rang 5 agus Rang 6 a mbeidh an cúntóir ag obair.

Beifear ag súil le hardchaighdeán Gaeilge ón té a cheapfar agus bheadh cáilíochtaí in obair don ógra nó cáilíochtaí CRS inmhianaithe.

Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin trí litir iarratais agus CV a sheoladh chuig poist@scoilchronain.ie. Marcáil “Cúntóir Ranga” go soiléir ar an iarratas le do thoil.

Beidh na hagallaimh ar siúl ar an 15-08-2026.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta