Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Job Category: Oideachas

Ánra Teagaisc sa Ghaeilge

Is mian le Coláiste Mhuire gan Smál Comhalta Teagaisc a cheapadh ar bhonn lánaimseartha, sainchuspóra fad is a bhaineann sealbhóir an phoist reatha leas as saoire. Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis an bpost i mí Dheireadh Fómhair 2026 agus go rachaidh sé in éag nuair a rachaidh an sealbhóir poist reatha ar ais ar a dhualgas tar éis saoire.

Faoi stiúir Cheann Roinne na Gaeilge agus Dhéan na nDán, comhlánóidh an t-iarrthóir rathúil roinn ghníomhach taighde le taifead acadúil seanbhunaithe, cuirfidh sé le teagasc agus maoirsiú na
Gaeilge d’fhochéimithe agus do mhic léinn iarchéime thar na dámha agus cuirfidh sé le saol acadúil an choláiste.

Ceanglófar ar an té a cheapfar páirt a ghlacadh i múineadh agus i seachadadh na modúl sannta i gcláir fochéime agus iarchéime an Choláiste, m.sh. an BA sna hEalaíona Liobrálacha, an MA
(Múinte) sa Ghaeilge agus modúil roghnacha sna hEalaíona do mhic léinn B.Oid. Ar a bharr sin, beifear ag súil go ndéanfaidh an t-iarrthóir maoirseacht ar thráchtas taighde fochéime. Chomh maith leis sin, beidh ar an duine a cheapfar páirt a ghlacadh i bhforbairt clár, agus leagfar dualgais riaracháin air.

Tá tiomantas do theagasc agus d’fhoghlaim ar ardchaighdeán i dtimpeallacht ildisciplíneach mac léinn-lárnach riachtanach. Ní mór don té a cheapfar fianaise a léiriú go bhfuil sé tiomanta do
thimpeallacht ildisciplíneach ina n-oibríonn sé le comhghleacaithe eile i nDámh na nDán. Ní mór fianaise a thaispeáint ar thiomantas do shármhaitheas sa teagasc, sa taighde agus sa ghníomhaíocht scolártha leanúnach. Beidh sárscileanna ag an té a cheapfar sa Ghaeilge idir scríofa agus labhartha agus tiomantas d’úsáid agus d’fhorbairt na teanga ar fud an Choláiste.

Ní mór iarratais a chur isteach ar fhoirm iarratais oifigiúil i bhformáid chlóscríofa. Ní ghlacfar le hiarratais atá lámhscríofa nó neamhiomlán. Is féidir foirmeacha iarratais don phost seo a íoslódáil ó shuíomh Gréasáin Choláiste Mhuire gan Smál. www.mic.ul.ie/about-mic/vacancies. Ní mór iarratais a chur isteach ar ríomhphost chuig recruitment@mic.ul.ie agus teideal an ábhair Comhalta Teagaisc le Gaeilge tráth nach déanaí ná: 2 i.n. Dé Luain, 28 Meán Fómhair 2026

Tuilleadh eolais anseo.

Múinteoir Gaeilge – Cathair Chorcaí

Múinteoir Gaeilge á lorg ag Craobh Liú na Laoi i gCathair Chorcaí

🗓️ Ag Tosnú Tráthnóna Luan 05/10/26
⏰ 7:45–8:45 i.n.
📍 Republic of Work, Cathair Chorcaí
📚 Cúrsa 6 seachtaine – TEG A2
💶 €50 in aghaidh an ranga

Déan teagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.

Liunalaoi@cnag.ie

Poist san earnáil Luathbhlianta le Comhar Naíonraí na Gaeltachta

An bhfuil tú ag lorg post san earnáil Luathbhlianta? Má tá, tá deiseanna iontacha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall, i gCiarraí, i gCorcaigh agus an Mhí!

Tá muid ag lorg:

  • Múinteoirí Luathbhlianta
  • Oibrithe Luathbhlianta
  • Oibrithe Iarscoile
  • Bainisteoir / Maoir

Cén fáth CNNG? Forbairt ghairmiúil, Pá samhraidh agus rátaí pá den scoth, Pinsean, Obair shásúil, agus fhiúntach!

Teagmháil: foluntas@cnng.ie

Gach eolas ag www.cnng.ie

Múinteoirí Deonacha

Tá Conradh na Gaeilge Craobh na Lorgan ar lorg múinteoirí deonacha fá choinne ranga oíche do dhaoine fásta ag toiseacht i mí Mheán Fómhair.

Cuir ríomhphost chugainn ag lorgan@cnag.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta