Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Job Category: Deonach

Oifigeach Margaíochta & Turasóireachta

Duine cumasach le cáilíocht tríú leibhéal I gceann de na réimsí seo a leanas: turasóireacht / margaíocht / gnó nó le trí bliana de thaithí ábharach ag plé le cúrsaí margaíochta san earnáil gnó turasóireachta, agus a léiríonn spéis I gcur chun cinn agus i bhforbairt cheantar Shliabh Liag, a roghnófar.

Ní mór d’iarrthóirí ardchaighdéan i scríobh agus i labhairt na Gaeilge a bheith acu chomh maith le hardscileanna cumarsáide agus taithí ag plé leis na meáin sóisialta.

Seol litir iarratais mar aon le Curriculum Vitae, roimh dheireadh an lae go info@sliabhliag.com

Craoltóirí Deonacha

Curtha in Airde: 14 Meitheamh

Cur síos ar an bpost: Tá Ráidió Fáilte ag lorg craoltóirí nua faoi láthair. Téigh sa seans agus bí i do Chraoltóir

Tuilleadh eolais:  Raidió Fáilte

Láithreoirí & Tuairisceoirí Deonacha

Curtha in Airde: 13 Meitheamh

Cur síos ar an bpost: Tá folúntais sa stáisiún do láithreoirí & tuairisceoirí deonacha ar chláir éagsúla i rith an tsamhraidh. Bain triail as rud éigin nua, agus as an stiúideonua atá againn ar Shráid Amiens! Beidh oiliúint ar fáil, déan teagmháil linn!

Tuilleadh eolais: Raidió na Life

Tras-scríbhneoirí Deonacha

Curtha in Airde: 13 Meitheamh

Cur síos ar an bpost: An bhfuil fonn tras-scríofa ort? Ar mhaith leat páirt a ghlacadh sa tionscadal ach níl tú cinnte cén áit is fearr le tosú? Lean na naisc thíos agus tabharfar scéal randamach ón mbailiúchán duit le tras-scríobh!

Tuilleadh eolais: Meitheal Dúchas.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta