Aistritheoir
Cuireann Dréimire seirbhísí teanga – lena n-áirítear aistriúchán, profáil agus seirbhísí gairmiúla eile – ar fáil do réimse leathan cliant in Éirinn agus thar lear. Tá an comhlacht á fhorbairt go leanúnach ó bunaíodh é in 2020, ag cur leis an réimse seirbhísí a chuirtear ar fáil agus leis an líon cliant i gcaitheamh an ama.
Chun freastal ar an éileamh atá ar ár gcuid seirbhísí, tá muid anois ag breathnú ar bhealaí le cur lenár bhfoireann. Chuige sin, tá muid anois ag cur fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí cáiliúla
a mbeadh spéis acu oibriú le Dréimire ar bhonn páirtaimseartha nó lánaimseartha.
Oibreoidh an té a cheapfar faoi cheannas Bhainisteoir Dhréimire agus Bhord Stiúrtha Dhréimire chun na dualgais seo a leanas a chomhlíonadh:
- Tascanna aistriúcháin agus profála (Gaeilge agus Béarla) a chur i gcrích lehardchaighdeán cruinnis;
- Dea-chaidreamh a chothú le cliaint éagsúla;
- Cloí le spriocdhátaí dochta agus seachadadh tráthúil tionscadal a chinntiú;
- Oibriú leis na córais inmheánacha riaracháin atá i bhfeidhm sa gcomhlacht;
- Freastal ar imeachtaí thar ceann an chomhlachta (c. 3 imeacht in aghaidh na bliana);
- Dualgais eile de réir mar is gá.
Is deis iontach atá anseo d’aon duine a bhfuil spéis acu oibriú in earnáil an aistriúcháin agus go háirithe do dhaoine ar maith leo éagsúlacht ina gcuid oibre, óir tá muid sásta a bheith an-
solúbtha mar a bhaineann le huaireanta oibre. Cianobair atá i gceist leis an bpost, ach beidh fáil ar oifig i gConamara nó i mBaile Átha Cliath chomh maith.
Beidh na cáilíochtaí agus na tréithe seo a leanas ag an té a cheapfar:
- Sárscileanna aistriúcháin, profála agus eagarthóireachta (Gaeilge go Béarla agus Béarla go Gaeilge);
- Cruinneas i scríobh agus i labhairt na Gaeilge;
- Scileanna maithe cumarsáide agus eagrúcháin;
- Cáilíocht san aistriúchán nó i réimse áirithe eile;
- Cumas oibriú go héifeachtach mar chuid d’fhoireann.
Critéir inmhianaithe: - Taithí 2+ bhliain ag obair mar aistritheoir;
- Taithí ar bhogearraí aistriúcháin (go háirithe MemoQ) agus ar MS Office (go háirithe Word agus Excel);
- Séala Fhoras na Gaeilge d’Aistritheoirí agus/nó d’Eagarthóirí.
Tuarastal ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí.
Tá tuilleadh eolais faoi Dhréimire ar fáil anseo agus is féidir fiosrúchán a dhéanamh faoin bhfolúntas seo ach ríomhphost a chur chuig eolas@dreimire.ie.
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, seol litir chumhdaigh agus CV chuig post@cnag.ie faoi 4:00in Dé Máirt, 3 Feabhra 2026. Iarrtar ar iarrthóirí a lua cé acu obair pháirtaimseartha nó lánaimseartha a d’fheilfeadh dóibh mar chuid den litir chumhdaigh.
Eolas breise:
- Is í an Ghaeilge teanga oibre an chomhlachta, agus ní ghlacfar ach le hiarratais inGaeilge.
- Post páirtaimseartha nó lánaimseartha ar chonradh bliana atá i gceist.
- Socrófar an dáta tosaithe leis an iarratasóir rathúil.