Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Uaigneas an Ghleanna

20 Feabhra 2026
19:00 - 21:00
Café Aon Scéal, 518 an tSráid Mhór, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, D24 P298, Éire

Tá Aisteoirí Thamhlachta, grúpa drámaíochta Gaeilge atá lonnaithe i dTamhlacht, ar tí ócáid speisialta amharclannaíochta a chur i láthair an mhí seo le léiriú de Uaigneas an Ghleanna, aistriúchán Gaeilge le Tomás Ó Flaithearta ar an saothar clasaiceach le J.M. Synge, The Shadow of the Glen. Beidh an léiriú ar siúl Dé hAoine an 20ú agus Dé Sathairn an 21ú den mhí seo agus is ócáid thar a bheith tábhachtach í don ghrúpa, mar gurb í seo an chéad léiriú a bheidh acu ina n-amharclann nua féin. Beidh an dráma faoi stiúir Chiaráin Mhic Mhathúna.

Tá ticéid ar fáil trí Eventbrite don dá oíche, agus táthar ag súil le héileamh láidir mar gheall ar thábhacht na hócáide agus ar chaighdeán na n-ealaíontóirí atá páirteach ann. Le dráma láidir, ceol beo agus spleodar oscailte ionaid nua, is cinnte gur ócáid nach ndéanfar dearmad di í seo do Thamhlacht agus d’amharclannaíocht Ghaeilge i gcoitinne.

Beidh na doirse ar oscailt ó 6.30 i.n., is an léiriú féin ag tosú ar a 7 i.n. Le tuilleadh eolais faoin imeacht is an cumann drámaíochta, is féidir cuairt a thabhairt ar Aisteoirí Thamhlachta/ Facebook.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Aisteoirí Thamhlachta

Ionad imeachta

  • 518 an tSráid Mhór, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, D24 P298, Éire
Uaigneas an Ghleanna
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta