Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Turas Siúil ó Dhún Richmond go Reilig an Droichid Órga

7 Márta 2026
13:00 - 14:15
Dún Richmond, Eastát Mhicíl, Inse Chór, Cathair Bhaile Átha Cliath, D08 YY05, Éire

Is í Reilig an Droichid Órga an chéad reilig ghairdín in Éirinn agus bhunaigh ‘an Fuascailteoir’ Dónall Ó Conaill é beagnach 200 bliain ó shin.

Treorófar cuairteoirí tríd an reilig gan mhilleadh seo agus foghlaimeoidh siad faoina stair uathúil, na luscaí, na gardaí armtha, na cúnna fola Cúbacha, na réabóirí reilige agus na daoine a adhlacadh sna huaigheanna spéisiúla agus a bhfuil tábhacht staire leo laistigh dá bhallaí san áireamh.

Cloisfidh tú scéalta an bheirt iar-Thaoiseach agus a mball teaghlaigh Óglach Thomas Burke a maraíodh le linn comhraic in Éirí amach na Cásca.

Cuireadh cloch nua thar Eugene Lynch a maraíodh in 1916, a bhí ocht mbliana d’aois.

Tabharfaimid cuairt ar uaigh shagairt a bhí sna reibiliúin in 1798 agus Dochtúir Bob Kenny a d’éirigh mór le Parnell agus James Joyce.

“Seoid rúnda… láthair scíthe shuaimhneach atá lán de stair.”  – léirmheas TripAdvisor

Tabhair do d’aire go mbeidh an turas tríd an Reilig Ghairdín ag tarlú ar thalamh agus cosáin mhíchothroma agus iarraimid ar gach cuairteoir coisbheart téagartha a chaitheamh agus treoracha agus stiúracha an treoraí a leanúint i gcónaí.

Is taithí faoin aer é seo agus mar sin gléas tú féin do gach cineál aimsire le do thoil.

Tá an t-ionad coinní ag Dún Richmond.

Is le Dublin Cemeteries Trust í Reilig an Droichid Órga agus is iadsan a dhéanann bainistiú air.

Cuir do ticéad in áirithe ag https://www.richmondbarracks.ie/news/seachtainnagaeilge

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Naisc Chultúir @ Dún Richmond

Ionad imeachta

  • Eastát Mhicíl, Inse Chór, Cathair Bhaile Átha Cliath, D08 YY05, Éire
Turas Siúil ó Dhún Richmond go Reilig an Droichid Órga
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta