Turas Oisrí i nDún Laoghaire le Green Ocean Foundation
Bígí linn le haghaidh turas timpeall Cuan Dún Laoghaire le Green Ocean Foundation @greenoceanfoundation. Is eagraíocht neamhbhrabúis pobail í Green Ocean Foundation a bhainistíonn tionscadail comhshaoil mhara. Is é an cuspóir atá acu ná dul i ngleic leis an athrú aeráide trí charbón a leithlisiú agus bithéagsúlacht a athchóiriú inár bhfarraigí timpeall ar chósta na hÉireann.
Tar éis 200 bliain as láthair, rinne Green Ocean Foundation oisrí dúchasacha a thabhairt ar ais go Cuan Bhaile Átha Cliath in 2023. Is laochraí aeráide nádúrtha iad oisrí, ag feabhsú cáilíocht uisce agus bithéagsúlacht mhara.
Glacann Green Ocean Foundation le hoibrithe deonacha chun gníomhaíochtaí athchóirithe praiticiúla a chur i gcrích. Cuireann na deiseanna deonacha seo oideachas agus feasacht ar fáil faoi thábhacht an chaomhnaithe mara, agus tugann siad deis don phobal cur le hiarrachtaí athchóirithe comhshaoil go díreach.
Buailfimid le chéile ag a 7:30 ag an muiríne i nDún Laoghaire ar an gCéadaoin 6ú Bealtaine. Tá an muiríne taobh thiar den stáisiún traenach. Tá spásanna teoranta ar an turas, agus tá costas €10 ar na ticéid. Beidh an t-airgead ag dul i dtreo obair an Green Ocean Foundation. Tá an nasc anseo.
Má tá rothar agat, smaoineamh ar rothaíocht ann! Tá bóthar rothaíochta iontach sábhailte ann idir Bhaile an Bhóthair agus Dún Laoghaire, ar an gcósta don chuid is mó.
Beidh cúpla imeacht i rith an tsamhraidh a bheidh ag plé leis an bhfarraige, seo hí an chéad ceann!
Join us for a tour around Dún Laoghaire Harbour with Green Ocean Foundation. The Green Ocean Foundation is a not-for-profit community-based organisation that manages and operates marine environmental projects. Their aim is to combat climate change by sequestering carbon and rebuild lost biodiversity in our seas around the Irish coast.
After an absence of 200 years, Green Ocean reintroduced native oysters into locations around Dublin Bay in 2023. Oysters are natural “climate champions”, improving water quality and marine biodiversity.
Green Ocean also engages volunteers in hands-on restoration activities. These volunteer opportunities provide education and awareness about the importance of marine conservation, while allowing individuals to contribute directly to environmental restoration efforts.
We will meet together at Dún Laoghaire Marina on Wednesday 6th May. The marina is behind the train station. There are limited spaces on the tour and there is a cost of €10 for the ticket with the money going towards the Green Ocean Foundation’s work. Link here.
If you have access to a bike, consider cycling there. There is a brilliant safe segregated two-way cycle lane from Booterstown to Dún Laoghaire that hugs the coast for the most part.
This is the first in a series of events that is related to the sea that CnaC will be running this summer.
Muiríne Dún Laoghaire,
Bóthar an Chuain,
Dún Laoghaire
A96 D376

