Turas go hOileáin Dheilginse
I rith an tsamhraidh beidh Craobh na Coille ag cur sraith imeachtaí ar siúl leis an nasc idir dhaoine agus an fharraige i mBÁC a chothú. Táimid ag iarraidh an deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag labhairt as Gaeilge, a bheith amuigh faoin aer, agus ceangal a dhéanamh leis an gcomhshaol.
Don chéad imeacht beimid ag teacht le chéile le Fréamhú Collective agus ag dul ar thuras lae amach go dtí Oileán Dheilginse. Buailfimid ag an stáisiún traenach i nDeilginis ag a 10 agus gheobhaimid bád beag a théann amach ó chuan na Coille Móire. Caithfimid roinnt ama ar an oileán ag breathnú ar an bhfiadhúlra agus an stair atá mórthimpeall an oileáin. Beidh picnic againn ar an oileán le bia sláintiúil Éireannach.
Tá ticéid ar fáil ag an nasc seo: https://www.eventbrite.com/e/turas-go-hoilean-dheilginse-tickets-1991583095651?aff=ebdssbdestsearch
Rachaidh an t-airgead ar fad i dtreo Seal Rescue Ireland.

