Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Turas curach i mBÁC

19 Iúil 2026
10:00 - 15:00
Bóthar Ailf Uí Bhroin, Cluain Tarbh, D03, Éire

I rith an tsamhraidh beidh Craobh na Coille ag cur sraith imeachtaí ar siúl leis an nasc idir dhaoine agus an fharraige i mBÁC a chothú. Táimid ag iarraidh an deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag labhairt as Gaeilge, a bheith amuigh faoin aer, agus ceangal a dhéanamh leis an gcomhshaol.

Don dara imeacht beimid ag dul ar thuras ar na curacha atá ag Cumann Curach Átha Cliath. Beimid ag foghlaim faoin oidhreacht atá ag baint leis na curacha agus gheobhaimid taithí ar conas iad a láimhseáil ar an uisce. Buailfimid i gCluain Tarbh agus rachaimid amach ar an uisce faoi stiúir an chlub. Beidh soláistí ar fáil ina dhiaidh.

Beidh foirm chlárúacháin don imeacht seo. Beidh líon teoranta spásanna ar fáil. Coimead súil amach ar ár Instagram @craobhnacoille.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Craobh na Coille
Ríomhphost: gwp@cnag.ie

Ionad imeachta

  • Cluain Tarbh, D03, Éire
Turas curach i mBÁC
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta