Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Turas Coisíochta na hÓmaí

1 Márta 2026
13:30 - 15:30
Beár Bogan, Bogan's Bar, 42 Sráid an Mhargaidh, An Ómaigh, BT78 1EH, Tuaisceart na hÉireann

Is turas coisíochta dátheangach agus trí Ghaeilge é Turas Coisíochta na hÓmaí, bunaithe ar léarscáil shiúlóide an cheantair. Beidh an leagan Gaeilge ar fáil do rannpháirtithe agus cuirfear leis an infheictheacht agus úsáid na Gaeilge i spás poiblí an bhaile. Tá an t-imeacht oscailte don phobal ar fad — teaghlaigh, foghlaimeoirí, cainteoirí líofa, daoine nua don Ghaeilge.. Tá sé deartha le bheith cuimsitheach, cairdiúil agus oiriúnach do gach leibhéal Gaeilge.

Buailfidh muid le chéile i lár an bhaile i Bogan’s Bar ag 1:30i.n, áit a mbeidh seisiún gearr briseadh oighir agus sóláistí ar fáil sula dtosóidh an turas. Beidh an turas á stiúradh ag saineolaí áitiúil a roinnfidh eolas ar stair agus ar shainchomharthaí tábhachtacha an bhaile, le béim ar oidhreacht agus stair na Gaeilge na Ómaigh. Spreagfar úsáid na Gaeilge ar bhealach nádúrtha, fáilteach, atá oiriúnach do dhaoine ar gach leibhéal. Tá súil againn le bheidh críochnaithe ag 3:30i.n

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Pobal ar a'n Iúl

Ionad imeachta

  • Bogan's Bar, 42 Sráid an Mhargaidh, An Ómaigh, BT78 1EH, Tuaisceart na hÉireann
Turas Coisíochta na hÓmaí
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta