Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Trasna na dTonnta

Tá Trasna na dTonnta x Comhrá ag filleadh i 2025!

Tá dáta nua roghnaithe againn do #TrasnaNadTonnta i mbliana agus beidh na sonraí uilig ag teacht go luath ach déanaigí cinnte 01-05 Nollaig a chur sna dialanna, beidh neart imeachtaí, ceardlann agus comórtas ag tarlú ar líne mar chuid de!

Beidh an comhrá leanúnach ar líne ag filleadh i mbliana chomh maith! Do na daoine nach raibh páirteach ann cheana féin, bíonn glaoch Zoom leanúnach ag tarlú chuile bliain ar feadh 12 uair a chloig agus tagann grúpaí agus daoine aonaracha fud fad an domhain isteach ar an glaoch le píosa cainte as Gaeilge a dhéanamh lena chéile agus téann sé amach beo ar Youtube!

Bíonn an-chraic leis i gcónaí agus i mbliana táimid ag iarraidh níos mó grúpaí/daoine a chur ag caint lena chéile ag aon am amháin ar an glaoch! Mar sin, líonaigí amach an fhoirm thíos má tá suim agaibh san imeacht agus roghnaigí na sliotáin ama uilig a n-oireann daoibh agus déanfaidh muid iarracht an sceideal is fearr a chur le chéile!

Cláraigh Anseo

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Conradh na Gaeilge

Trasna na dTonnta

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta