“Traitors” as Gaeilge
6 Márta 2026
19:00 - 22:00
Áras na nGael, 45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, H91 E1NY, Éire
Bunaithe ar an gclár teilifíse “The Traitors“, bígí linn le haghaidh oíche lán le cleasaíocht, díospóireacht, agus craic.
Tá pobal soineanta coiníní ina gcónaí san fhoraois – ach i ngan fhios dóibh, tá fealltóirí ina measc…
Le titim na hoíche, dúisíonn na Sionnaigh. Roghnaíonn siad íospartach.
Faoi sholas an lae, líontar an fhoraois le cúisimh, le leithscéalta, agus le hamhras.
Cluiche spleodrach sóisialta trí mheán na Gaeilge í seo, lán le straitéis, mearbhall, agus bréaga beaga bána.
Ní bheidh a fhios agat cé atá ar do thaobh… go dtí go mbeidh sé ródhéanach.
An mbeidh tú in ann an fhírinne a aimsiú?
Tuilleadh eolais: www.feilire.com/traitors
Sonraí Teagmhála
Ríomhphost: fintan.hegarty@universityofgalway.ie
Ionad imeachta
- 45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, H91 E1NY, Éire
