Traid na Tríonóide 2026
Beidh Féile Traid na Tríonóide atá á reáchtáil againn le linn Sheachtain na Gaeilge ón 9-12ú Márta ar champas Coláiste na Tríonóide.
Féile cheoil traidisiúnta eagraithe ag an Chumann Ceoil Traidisiúnta i gColáiste na Tríonóide atá ann agus seo í an dara bhliain as a chéile do Thraid na Tríonóide.
Tá ceithre lá d’imeachtaí bríomhara againn agus táimid ar bís leis na haíonna speisialta a bheidh againn le linn na féile.
- Ceardlann amhránaíochta le Máire Ní Churraoin ( An Chéad Ghlúin Eile )
- Rince seite le sean-nós le Breanndán Ó Beaglaíoch
- Ceadal le hAogán Ó Loinsigh agus Michelle O’Brien ( Slide!)
- Ceolchoirm le CLADA
- Traid Réabh le Trad Rave
Chomh maith le seo, beidh ár bhfáiltiú oifigiúil againn ar an Luan i seomra na Gaeilge ar champas Coláiste na Tríonóide. Beidh ceardlann bodhrán againn, céilí mór leis an gCumann Rince TCD, Seisiún mór leis na Cumainn Cheoil Traidisiúnta ón na Coláistí eile ó thimpeall na tíre. Is féile réabhlóideach í seo don choláiste, ní amháin don cheoil, ach don Ghaeilge chomh maith agus muid á reáchtáil le linn Seachtain na Gaeilge.
Ba bhreá linn daoine ó gach coirnéal don tír ag an bhféile seo. Tá réimse leathan d’imeachtaí eagraithe againn agus táimid ag iarraidh an cheoil traidisiúnta a scaipeadh agus a spreagadh i gCathair Baile Átha Cliath.
Tá níos mó eolas le fáil ar ár leathanach Instagram le dátaí,amanna agus suímh.
Beidh ticéid de dhíth do dhá imeacht amháin ( Traid Réabh, CLADA )
Bígí linn le haghaidh blaiseadh do cheoil traidisiúnta i gcroílár Cathair Bhaile Átha Cliath.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2, D02 PN40, Éire

