Tionól Forbartha 2025 – deis oiliúna do mhúinteoirí
20 Samhain 2025 - 21 Samhain 2025
19:30 - 23:45
Óstan Pháirc Bhaile an Róistígh, Bóthar Bhaile an Róistígh, Dúglas, Cathair Chorcaí, T12 AKC8, Éire
Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2025
An múinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile thú i scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta? Ar chláraigh tú do Thionól Forbartha 2025 go fóill? Seo an ócáid oiliúna bhliantúil is mó atá dírithe go hiomlán ar riachtanais forbartha gairmiúla leanúnaí múinteoirí atá ag obair san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Beidh an mhórócáid seo ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh, Dé hAoine, an 21ú Samhain. Bí linn!
Ná déan dearmad go bhfuil…
– 🧑🏫 ionadaíocht ar fáil
– 💰 lascaine speisialta do mhic léinn, scoileanna beaga, scoileanna oileáin, príomhoidí nuacheaptha
– 🏨 lóistín ar phraghas laghdaithe ar fáil
Ionad imeachta
- Bóthar Bhaile an Róistígh, Dúglas, Cathair Chorcaí, T12 AKC8, Éire
