Taispeántas: Moon Tell Me Truth
9 Nollaig 2025
00:00 - 17:00
Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG, Tuaisceart na hÉireann
Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil Aonach Mhacha mar óstach bródúil den taispeántas ealaíne agus filíochta: ‘Moon Tell Me Truth’. Beidh an taispeántas ar siúl ó mhí na Nollaig – mí Eanáir.
Is cnuasach é Moon Tell Me Truth de 60 dán maisithe a chruthaigh páistí idir 9 agus 15 bliana d’aois as Gaza, an Phalaistín le haghaidh comórtais a bhí ar siúl ag ‘The Hands Up Project’. Foilsíodh é i leabhar i mbliana le réamhrá ón fhile aitheanta Alice Oswald.
Tá an chuid is mó de na scoláirí sa taispeántas díláithrithe anois agus rinneadh damáiste dá gcuid scoileanna nó scriosadh iad le linn an chogaidh ar Gaza. Maraíodh beirt scoláirí, Obada Mohammad Abu Oda, 14 agus Fatema Saidam, 9 ag ionsaithe aeir Iosraelach i mí Dheireadh Fómhair 2023.
Sonraí Teagmhála
Eagraí: The Hands Up Project, Aonach Mhacha
Ionad imeachta
- 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG, Tuaisceart na hÉireann
