Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

SPLANC – Féile Ealaíon Bhaile Átha Cliath 7

24 Deireadh Fómhair 2025
19:00 - 21:00
The LAB, 1 Sráid Uí Fhoghlú, Muinseo, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 WA07

Is féile nua í SPLANC a bheidh ag tarlúint i gcroílár Bhaile Átha Cliath 7. Díríonn SPLANC ar an réimse ealaíon atá sa cheantar iontach seo, ag cur béime ar ealaíontóirí is cruthaitheoirí áitiúla agus ag freastal ar chuile aois-ghrúpa sa cheantar.

I bpobal bríomhar Bhaile Átha Cliath 7, tá neart ealaíontóirí áitiúla i réimsí éagsúla sa cheantar is tabharfar ardán dóibh chun a mbeocht a léiriú don phobal mór. Tá nuálaíocht is saíocht ag baint leis an bhféile seo a chuirfidh na healaíona idir shean is nua os comhair an phobail ar bhealach spraoiúil in-rochtana. Mar fhéile ealaíontóirí-dhírithe, léireoidh sí saibhreas na n-ealaíontóirí atá i gceantar BhÁC 7. Lasfaidh an fhéile splanc i gcur chun chinn na n-ealaíon sa cheantar.

Tá muid ag súil go mór go mbeidh sibh linn ar an 24 go 26 Deireadh Fómhair!

Tuilleadh eolais anseo.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Craobh BhÁC 7
Ríomhphost: bac7@cnag.ie

Ionad imeachta

  • 1 Sráid Uí Fhoghlú, Muinseo, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 WA07
SPLANC – Féile Ealaíon Bhaile Átha Cliath 7

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta