Sparánacht d’ealaíontóirí Gaeilge le freastal ar imeachtaí Baboró
Tá Ealaín na Gaeltachta, i gcomhar le Baboró – an fhéile idirnáisiúnta ealaíon do pháistí – ag cur cúig sparánacht ar fáil d’ealaíontóirí le Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun freastal ar cheardlann phuipéadóireachta le Marc Mac Lochlainn (Branar), agus an léiriú The Maker (Dan Colley, le Manus Halligan agus Raymond Keane) ag féile Baboró 2025.
Clúdóidh gach sparánacht cead isteach do dhuine aonair don cheardlann agus don léiriú agus liúntas cothabhála i dtreo taistil agus lóin ar an Máirt, 14 Deireadh Fómhair.
Amchlár:
Dé Máirt, 14 Deireadh Fómhair
11.00–11.45: An Taibhdhearc – The Maker
13.30–16.00: Ionad O’Donoghue, Ollscoil na Gaillimhe – Ceardlann phuipéadóireachta as Gaeilge le Marc Mac Lochlainn, (Branar)
Glacfar le hiarratais suas go dtí 14:00, Dé Céadaoin, 8 Deireadh Fómhair
Foirm iarratais ar fáil ar www.ealain.ie