Sos Lóin – Corcaigh
28 Iúil 2026
12:30 - 14:00
Gach Máirt go dtí 30 Iúil 2030
The Roundy, 1 Sráid an Chaisleáin, Cathair Chorcaí, T12 RX09, Éire
Is deis iontach é Sos Lóin chun feabhas a chur ar do Ghaeilge, nó do chuid Ghaeilge a úsáid, pé leibhéal atá agat.
Tá gach sort daoine ann. Tuismitheoirí atá ag foghlaim Gaeilge dá bpáistí go dtí cainteoirí dúchais ag úsáid a gcuid Gaeilge gach lá.
Is imeacht shóisialta é seo atá eagraithe ag daoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a labhairt lena chéile le linn a lóin.
Táimid ag tnúth leat a fheiscint!
📌 Má tá sé ar intinn agat freastal ar an gciorcal seo den chéad uair, molaimid duit teagmháil a dhéanamh leis an eagraí roimh ré lena chinntiú go bhfuil na sonraí fós cruinn. Déanaimid gach iarracht na sonraí a choinneáil cothrom le dáta, ach is fearr a bheith cinnte!

