Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Siúlóid Oidhreachta; Duga Spencer, Ceantar na nDugaí, Baile Átha Cliath

18 Aibreán 2026
11:00 - 13:00
Sráid an Mhéara, Baile Átha Cliath, D01, Éire

Tá an tsiúlóid treoraithe seo mar chuid d’Fhéile Ealaíon Five Lamps (Five Lamps Arts Festival – Five Lamps Arts), a bhíonn ar siúl gach bliain i Lárchathair Oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath. Is é aidhm na Féile Ealaíon ná aird a tharraingt ar an gcruthaitheacht sa cheantar agus spiorad muintearas, pobail agus ceangail a chothú trí na healaíona a chur chun cinn sa chuid spleodrach éagsúil seo den chathair.

An tSiúlóid: 

Is turas treoraithe neamhfhoirmiúil, trí mheán na Gaeilge, é seo timpeall cheantar Dhuga Spencer agus na nDugaí Thoir. Déanfaidh an t-ailtire, Breandán Mac Aodha Bhuí, iniúchadh ar an gceantar ó thaobh oidhreachta ailtireachta agus innealtóireachta de. Cuirfear tús leis an siúlóid ag stad Luas Dhuga Spencer, agus ansin leanfar ar aghaidh go dtí an Chanáil Ríoga agus cois Life, sula gcuirfear deireadh leis ag an ‘bhFostáisiún’ ar Bhóthar an Phoirt Thoir, atá ina iarsmalann anois.


Ionad imeachta

  • Baile Átha Cliath, D01, Éire
Siúlóid Oidhreachta; Duga Spencer, Ceantar na nDugaí, Baile Átha Cliath
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta