Siúlóid Chomórtha ar Lá ‘Bloom’
16 Meitheamh 2026
18:30 - 19:45
Cé Sir John Rogerson, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02, Éire
In úrscéal Ulysses le James Joyce, siúlann ceann de na príomhcharachtair, Leopold Bloom, thart ar 1.2 km ó Ché Sir John Rogerson go dtí an Cógaslann cháiliúil Sweny ag Plás Lincoln. Sa tsiúlóid tráthnóna Déardaoin, tabharfar cuairt ar chuid de na sainchomharthaí a théann Bloom tharstu ar a bhealach agus tabharfar cuntas gearr ar na foirgnimh shuntasacha agus na sráideanna stairiúla. Léifear sleachta ábhartha den leabhar (i mBearla).
Mairfidh an tsiúlóid thart ar uair an chloig. Beidh an tsiúlóid seo trí mheán na Gaeilge. Beidh sé saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

