Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh Scéal.ie

30 Deireadh Fómhair 2025
14:00 - 15:00
An ICC, 2 Plás Lanyon, Béal Feirste, BT1 3WH, Tuaisceart na hÉireann

Láithreán gréasáin úr www.scéal.ie á sheoladh ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht ó Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt

Tá athbhrandáil agus athnuachan déanta ar phríomh eolaire dhigiteach na nGael (PEIG.ie mar a bhí). Tabharfar spléachadh ar an láithreán nua agus a ghnéithe le cur in iúl na bealaí is fearr chun leas a bhaint aisti. Is é príomhchuspóir Scéal.ie eolas a chur ar fáil faoi chúrsaí Gaeilge – ó imeachtaí agus cúrsaí Gaeilge go deiseanna fostaíochta, nuacht agus acmhainní do phobal na Gaeilge.
Is féidir le heagraíochtaí Gaeilge, pobal agus stáit fógraí poist, liostaí imeachtaí, cúrsaí samhraidh, scéimeanna tacaíochta, agus acmhainní do dhaoine atá ag foghlaim nó ag úsáid na Gaeilge a chlárú ann. Freastalaíonn sé ar cainteoirí Gaeilge, foghlaimeoirí, eagraíochtaí agus an pobal i gcoitinne a bhfuil suim acu sa teanga agus sa chultúr.

Tá Scéal.ie maoinithe ag Foras na Gaeilge

Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Conradh na Gaeilge
Ríomhphost: peig@cnag.ie

Ionad imeachta

  • 2 Plás Lanyon, Béal Feirste, BT1 3WH, Tuaisceart na hÉireann
Seoladh Scéal.ie
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta