Seoladh Oifigiúil An Leabharlann Fháilteach ag Oireachtas na Samhna
Aonach an Oireachtais san ICC, Aoine 31 Deireadh Fómhair, 3pm
Tá áthas ar Gaeilge365, le tacaíocht ó fhoirne Ghaelbhratach, Gael Linn agus i gcomhar le foirne dátheangacha leabharlainne agus úsáideoirí seirbhíse, seoladh oifigiúil An Leabharlann Fháilteach a fhógairt.
Tionscnamh nuálach a chuirfidh aitheantas, acmhainní dátheangacha agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil do bhrainsí leabharlainne chun seirbhísí Gaeilge a neartú.
Tá An Leabharlann Fháilteach deartha chun leabharlanna a dhéanamh níos fáilteach don Ghaeilge, tacú le foirne agus pobail áitiúla, agus struchtúir agus acmhainní a chur ar fáil, a chabhróidh leis an teanga a bheith níos nádúrtha, feiceálach agus beo i saol laethúil na leabharlainne.
Roinnfidh cruthaitheoirí agus stiúrthóirí An Leabharlann Fháilteach tuilleadh eolais faoin scéim, lena n-áirítear cuspóirí, tairbhí do bhrainsí leabharlainne, agus conas clárú.
Ina dhiaidh sin, beidh an scríbhneoir cháiliúil Máire Zepf linn ar an lá ag léamh a húrscéal “Rita agus An Chailleach”.
Bigí linn ar an lá le tuilleadh eolais a fháil!
