Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh leabhar & comhrá i Halla Chraobh Inse Chór

5 Márta 2026
19:15 - 20:30
Áras Inse Chór, Halla Chraobh Inse Chór, Corrán Grattan, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire

Ceiliúradh ar Litríocht na Gaeilge: Anna Heussaff i gcomhrá le Brian Ó Tiomáin agus Áine Ní Ghlinn

Seolfar dhá leabhar nua, ceann le hÁine Ní Ghlinn agus ceann le Brian Ó Tiomáin i rith Sheachtain na Gaeilge i Halla Chonradh na Gaeilge, Inse Chór, ar an Déardaoin, 5 Márta, ag 7.15 i.n.

Seolfar Cairdeas & Cogadh le Áine Ní Ghlinn agus Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin ag an ócáid.

Beidh na húdair i gcomhrá leis an scríbhneoir Anna Heussaff, agus iad ag plé na dtéamaí a spreag na leabhair agus a gcleachtas scríbhneoireachta. Beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur ar na scríbhneoirí agus páirt a ghlacadh sa phlé.

Is úrscéal comhaimseartha do dhaoine fásta é Rúnaí an Aire a scrúdaíonn cumhacht, polaitíocht agus caidrimh phearsanta i saol an lae inniu. Is scéal do dhaoine óga é Cairdeas & Cogadh a dhíríonn ar chairdeas, féiniúlacht, glacadh leis an éagsúlacht, agus an tábhacht a bhaineann le tuiscint agus comhbhá.

Beidh na húdair ar fáil le cóipeanna a shíniú, agus beidh na leabhair ar díol ag an ócáid. Cuirfear sólaistí ar fáil, agus tá fáilte roimh chách freastal ar an tráthnóna ceiliúrtha liteartha seo.

Ionad: Halla Chraobh Inse Chór, Corrán Grattan, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8, D08 V003

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Craobh Inse Chór
Ríomhphost: poibliocht@cic.ie

Ionad imeachta

  • Halla Chraobh Inse Chór, Corrán Grattan, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire
Seoladh leabhar & comhrá i Halla Chraobh Inse Chór
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta