Seisiún Scéalaíochta le Wendy
12 Márta 2026
10:30 - 12:00
Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG, Tuaisceart na hÉireann
Tugaimid fáilte romhaibh chuig Seisiún Scéalaíochta le Wendy le linn Seachtain na Gaeilge.
Le linn an tseisiúin beidh páistí naíscoile agus a dtuismitheoirí in ann taitneamh a bhaint as scéalta simplí, amhráin, rainn agus súgradh uilig trí Ghaeilge. Beidh gníomhaíochtaí ceardaíochta simplí mar chuid den seisiún fosta, bunaithe ar théamaí na scéalta, chun cruthaitheacht agus samhlaíocht na bpáistí a spreagadh.
Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo in éineacht lena bpáistí, ag úsáid frásaí agus focail shimplí i nGaeilge.
Is é aidhm an tseisiúin ná grá do leabhair agus don teanga a chothú, tacú le forbairt luathscileanna cumarsáide, agus cultúr Gaelach a chur i láthair ar bhealach spraíúil, idirghníomhach agus oiriúnach d’aois na bpáistí agus na dtuismitheoirí.
*Seisiún Druidte*
Ionad imeachta
- 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG, Tuaisceart na hÉireann
