Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seisiún Scéalaíochta le Wendy

3 Márta 2026
10:30 - 12:30
An Carn, 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, BT46 5NH, Tuaisceart na hÉireann

Tugaimid fáilte romhaibh chuig Seisiún Scéalaíochta le Wendy le linn Seachtain na Gaeilge.
Le linn an tseisiúin beidh páistí naíscoile agus a dtuismitheoirí in ann taitneamh a bhaint as scéalta simplí, amhráin, rainn agus súgradh uilig trí Ghaeilge. Beidh gníomhaíochtaí ceardaíochta simplí mar chuid den seisiún freisin, bunaithe ar théamaí na scéalta, chun cruthaitheacht agus samhlaíocht na bpáistí a spreagadh.
Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo in éineacht lena bpáistí, ag úsáid frásaí agus focail shimplí i nGaeilge.
Is é aidhm an tseisiúin ná grá do leabhair agus don teanga a chothú, tacú le forbairt luathscileanna cumarsáide, agus cultúr Gaelach a chur i láthair ar bhealach spraíúil, idirghníomhach agus oiriúnach d’aois na bpáistí agus na dtuismitheoirí.
*Seisiún Druidte*

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Altram
Ríomhphost: pobal@altram.org

Ionad imeachta

  • 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, BT46 5NH, Tuaisceart na hÉireann
Seisiún Scéalaíochta le Wendy
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta