Seisiún Ceoil le Comhaltas Ring of Gullion
Reáchtálann Comhaltas Ring of Gullion seisiún ceoil gach mhí do thosatheoirí agus ansin tarlaíonn gnáth-seisiún ina dhiaidh sin do na ceoltóirí eile ar fad, ach ar an Satharn 14ú Márta, ba mhaith linn mar Chraobh Comhaltais, aird a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge, agus an Ghaeilge agus an ceol a nascadh le chéile.
Beidh ár n-oifigeach na Gaeilge ar choiste ROG agus ceoltóir, Niamh Ní Cheallaigh, agus cúpla Gaeilgóir eile ábalta a bheith i gceannas ar an seisiún ceoil. Spreagfar na paistí agus daoine fásta araon an Ghaeilge agus ‘cúpla focal’ a úsáid ag baint leasa as na cártaí leide a bheas againn le frásaí Gaeilge orthu ar na táblaí i rith an seisiúin. Oíche mhaith de cheol, craic agus amhránaíocht a bheas ann le béim ar leith le cuir ar ár dteanga dúchais.
Sonraí Teagmhála

