Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seisiún Análaithe & Suaimhneas Intinne – Ar Líne

20 Eanáir 2026
19:30 - 20:30
Gach Máirt go dtí 3 Feabhra 2026

Tá an Nollaig agus an ceiliúradh ar fad tagtha chun deireadh agus tá sé in am do scíth a ligeann. Cén bealach níos fearr chun é sin a dhéanamh ach le Seisiún Análaithe agus Suaimhneas Intinne le Marian Ní Chonghaile. Ní fiú is go mbeidh ort do tholg breá compordach a fhágáil!

Cén uair? 20 & 27 Eanáir agus 3 Feabhra, 2026 ag 19:30

Cén áit? Ar Zúm

Cé le? Thrive with Marian – Cóitseálaí Saoil & Éascaitheoir Anála

Céard a bheidh ag tarlú?

🌷 Cleachtais fréamhaithe

🌷 Anáil threoraithe le ceol

🌷 Dialann & machnamh

🌷 Gluaiseacht éadrom

🌷 Cleachtais laethúla shimplí le tabhairt leat isteach sa ghnáthshaol

 

⚠️ Tábhachtach

– Is cleachtadh cumhachtach í an obair anála seo agus b’fhéidir nach mbeadh sí oiriúnach do chách.

– Níl sí molta má tá galar croí, brú fola ard nó íseal, asma trom, titimeas, neamhord dépholach, scitsifréine, PTSD gan chóireáil, nó má tá tú torrach go luath.

Trí bheith páirteach, dearbhaíonn tú go nglacann tú páirt go deonach agus freagrach as do leas féin.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí

Seisiún Análaithe & Suaimhneas Intinne – Ar Líne

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta