Seachtain na Gaeilge sna Glinntí – Tob-Ghaeltacht ar Lá Fhéile Pádraig
12.30 Bailíonn gach duine le chéile ag an siopa ar an choirnéal.
Súilóid teaghlaigh go dtí Cottage Wood le Naomh Pádraig. Tá muid ag dúil go mbeidh daoine agus páistí gléasta suas le rudaí a bhaineann le cultúr na hÉireann.
Sa choill, beidh ardán/urlár réidh – beidh Ceoltóirí ó Chomhaltas na nGleann, Amhránaíocht agus dánta ó na páistí agus ceoltóirí áitiúla. Beidh cúpla damhsa céilí ann fosta.
Beidh spás tob-Ghaeltacht ar leith ann – thig leis an páistí ealaín agus ceardaíocht Gaeilge a dhéanamh, cúpla focal a fhoghlaim agus a úsáid. Beidh siad ábalta seo a thabhairt abhaile leo. Beidh na daoine fásta ábalta amharc ar logainmneacha na háite, agus labhairt le chéile. Tabharfaidh muid amach eolas ar na himeachtaí /gníomhaíochtaí Gaeilge atá ar siúl sa phobal.
Ionad imeachta
- Bun Abhann Dalla, Gleann Arma Íochtarach, BT44 0RR, Tuaisceart na hÉireann
