Seachtain na Gaeilge Mhachaire Fíolta
Tá féile iontach beartaithe againn arís i mbliana, beidh céilí teaghlaigh mar chuid den chéad ócáid ina bhfuil tuistí agus a gclann in ann a bheith páirteach de. Beidh bean a’tí againn le gach duine a stiúradh. Ina dhiaidh seo, beidh seó bríomhar ag Cleamaire Feirste ina mbeidh deis ag daltaí scoile a bheith mar charachtúir de.
Tá turas treoraithe socraithe againn ina bhfuil bus ar fáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge nó a bhfuil Gaeilge acu. Rachaidh muid chuig An Croí lenár mbricfeasta a aimsiú chun tús a chur leis. Is deis labhartha iontach é ina mbeidh ar dhaoine a mbricfeasta a ordú daofa féin. Díreach ina dhiaidh seo, beidh an bus ag dul go cathair Dhoire agus beidh siúlóid treoraithe thart ballaí an chathair againn agus gheofár blas de stair an cheantair ó threoraí áitiúil. Le críoch a chur leis an ócáid seo, beidh deis ag daoine a dhul isteach san ionad Free Derry Museum.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- 1 Árdan an Bhanphrionsa, Machaire Fíolta, BT45 6FE, Tuaisceart na hÉireann
