Scoláireachtaí d’amhránaithe chun freastal ar Chomhdháil NASC
Tá Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC), i gcomhpháirt le hEalaín na Gaeltachta, ag fógairt líon teoranta scoláireachtaí d’amhránaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht in Éirinn, agus a chanann i nGaeilge, le freastal ar Chomhdháil NASC ó 6–8 Márta 2026 i nDún Éideann, Albain.
Tá 3 scoláireacht ar luach €1,000 an ceann ar fáil chun tacú le costais chlárúcháin, taistil, lóistín agus per diem do na faighteoirí roghnaithe.
Oscailte do dhaoine aonair atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.
Suíomh agus Dátaí: Ionad Scéalaíochta na hAlban, Dún Éideann, 6–8 Márta 2026
Spriocdháta ar iarratas a chur isteach: 21 Samhain, 2025
Tuilleadh eolais ar www.ealain.ie agus www.northatlanticsong.com