Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scoil Gheimhridh Joe Steve 2026

22 Eanáir 2026
20:00 - 22:00
Comharchumann Shailearna Teoranta, Na hAille, Indreabhán, H91 W925, Éire

Scoil Gheimhridh Joe Steve 2026
Cois Fharraige
22 – 25 Eanáir 2026
Arna eagrú ag Comharchumann Shailearna Teoranta & Coiste eagraithe Scoil Gheimhridh Joe Steve

Sa gCré Dhubh, baile fearainn siar ón Spidéal, sa mbliain 1942, a rugadh Joe Steve Ó Neachtain. Ba ann a chaith sé formhór a shaoil agus ba ann a thóg sé féin agus a bhean Máirín a dtriúr clainne. Ba í an phláistéaracht a cheird nuair a tháinig sé in inmhe fir ach níorbh fhada go raibh sé sáite i ngníomhaíocht pobail, ó scéimeanna uisce go Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. Ag an am céanna bhí sé ag plé le cúrsaí drámaíochta, agus chuir sé tús leis an scríbhneoireacht chruthaitheach mar ghairm. Bhí sé ina mháistir ar gach uile fhoirm de litríocht na Gaeilge: drámaí stáitse agus raidió, filíocht, gearrscéalta, úrscéalta, an t-aitheasc fíochmhar, cuimhní cinn. Bhásaigh sé sa mbliain 2020.

 

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Comharchumann Shailearna Teoranta & Coiste eagraithe Scoil Gheimhridh Joe Steve

Ionad imeachta

  • Na hAille, Indreabhán, H91 W925, Éire
Scoil Gheimhridh Joe Steve 2026
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta