Scileanna Coille trí Ghaeilge – Sraith Ceardlann Samhraidh (10–15 bl.)
Bígí linn le Dúlra Cill Dara do shraith de thrí cheardlann phraiticiúla sa choill, áit a mbeidh deis ag daoine óga (10–15 bliana d’aois) scileanna nua a fhoghlaim agus an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha i dtimpeallacht chairdiúil, thacúil.
Ionad: Burtown House, Baile Átha Í
Am: 3.30–5.30 i.n.
Dátaí agus Téamaí
Dé Céadaoin, 12 Lúnasa – Bithéagsúlacht agus Ceardaíocht an Dúlra
Déardaoin, 20 Lúnasa – Scileanna Rópaí agus Struchtúir Choille
Déardaoin, 27 Lúnasa – Lasadh Tine, Cócaireacht faoin Aer agus Scileanna Coille
Beidh na ceardlanna ar siúl i gcoillearnach álainn Burtown House, áit a bhfoghlaimeoidh rannpháirtithe trí thaithí phraiticiúil, trí shúgradh agus trí obair i gcomhar lena chéile. Is deis í seo muinín a chothú, cairde nua a dhéanamh agus an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide agus iad ag baint taitnimh as an dúlra.
Is féidir clárú do cheardlann amháin nó don tsraith iomlán.
Tá na ceardlanna saor in aisce, ach tá líon na n-áiteanna teoranta.
Iarraimid oraibh gan ach na ceardlanna ar féidir libh freastal orthu a chur in áirithe. Iarrfar ar gach rannpháirtí a láthair a dheimhniú (RSVP) thart ar 48 uair an chloig roimh gach ceardlann. Mura ndeimhnítear áit faoin am sin, féadfar í a thairiscint do dhuine ar an liosta feithimh.
Seolfar tuilleadh eolais maidir leis an láthair chruinn, cad ba chóir a thabhairt leat agus eolas do thuismitheoirí nó caomhnóirí tar éis clárúcháin.
Tá clárú roimh ré riachtanach. Chun do cheardlann(í) a chur in áirithe agus tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.dulracilldara.ie.

