Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Puisín Beag an Diabhail’ – Leabhar Filíochta le hÉire Ní Fhaoláin

22 Eanáir 2026
19:00 - 20:30
Leabharlann Ghuaire, Leabharlann Ghuaire, Guaire, Y25 WK37, Éire

Ar an 22 de mhí Eanáir ag 7in, seolfaidh an scríbhneoir, amhránaí traidisiúnta agus ceoltóir Éire Ní Fhaoláin a dara leabhar filíochta ‘Puisín Beag an Diabhail’. Beidh an leabhar á sheoladh ag an bhfile rathúil Ben MacCaoilte. Ar an oíche, beidh filíocht ón leabhar á léamh ag filí áitiúla, agus beidh ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta le cloisteáil. Cuirfear sóláistí ar fáil ag an imeacht.

Is cnuasach filíochta é ‘Puisín Beag an Diabhail’ a bhfuil naoi ndánta Gaeilge ann, a ghlacann inspioráid ón nádúr, mar aon leis an mbéaloideas a bhaineann leis an gcat dubh agus le huimhir a naoi. Tá Éire Ní Fhaoláin sa dara bliain i gColáiste na Tríonóide agus tá staidéar á dhéanamh aici ar an nGaeilge agus ar an gCeol.

Leag Éire dearadh an leabhair agus na léaráidí amach le cabhair óna deartháir cruthaitheach Cú Chulainn Ó Faoláin agus foilseofar an leabhar mar chuid de theach foilsitheoireachta a teaghlaigh; fóġṁar – fómhar.

Bígí linn don oíche speisialta seo!

Sonraí Teagmhála


Ionad imeachta

  • Leabharlann Ghuaire, Guaire, Y25 WK37, Éire
‘Puisín Beag an Diabhail’ – Leabhar Filíochta le hÉire Ní Fhaoláin
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta