Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Paudie O’Connor, Aoife Ní Chaoimh & John Blake

14 Márta 2025
20:00 - 20:00
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), Na hAille, Cois Fharraige, Éire

Beidh scoth an cheoil ag na ceoltóirí seo in Amharclann Chois Fharraige mar chuid den tsraith Foinn Cois Farraige 2026. Bígí linn!
PAUDIE O’CONNOR & AOIFE NÍ CHAOIMH:

Is díséad bosca ceoil agus fidle iad Paudie O’Connor agus Aoife Ní Chaoimh as Contae Chiarraí. Tá tionchar láidir ag traidisiún ceoil Shliabh Luachra in Oirthear Chiarraí agus i dTuaisceart Chorcaí ar a gcuid ceoil. In 2014 d’eisigh siad an t-albam mór-mholta Didn’t She Dance and Dance, a thug ómós dá laochra ceoil ar nós Johnny O’Leary, Patrick O’ Keefe agus Julia Clifford. D’eisigh Paudie albam aonair ardmholta dar teideal Different State in 2005, agus ina dhiaidh sin an t-albam Wind and Reeds i gcomhar leis an bpíobaire John O’Brien agus leis an ngiotáraí Jim Murray. Tá Paudie agus Aoife tar éis páirt a ghlacadh i go leor clár teilifíse thar na blianta, go háirithe Tradfest TG4 agus Scoil Cheoil an Earraigh le gairid. Bíonn an bheirt acu ag teagasc gach bliain ag Scoil Samhraidh Willie Clancy.Faoi láthair, is é Paudie stiúrthóir Fhéile Cheoil Thraidisiúnta Patrick O’ Keefe i gCaisleán an Oileáin, Contae Chiarraí.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Comharchumann Shailearna Teo

Ionad imeachta

  • Na hAille, Cois Fharraige, Éire
Paudie O’Connor, Aoife Ní Chaoimh & John Blake
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta