#parkrunabú – Cathair Dhoire
19 Meán Fómhair 2026
09:30 - 11:00
Muiríne an Fheabhail, Sráid an Bhairnéid, Cathair Dhoire, Tuaisceart na hÉireann
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn.
Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le deis chun cairde nua a dhéanamh!
Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Sonraí Teagmhála
Eagraí: An tOireachtas

