#parkrunabú! – An Seandroichead
25 Aibreán 2026
09:00 - 11:00
Ionad Turasóireachta Chath na Bóinne, An Seandroichead, Droichead Átha, A92 CY68, Éire
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn.
Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le deis chun cairde nua a dhéanamh!
Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Sonraí Teagmhála
Eagraí: An tOireachtas
Ionad imeachta
- An Seandroichead, Droichead Átha, A92 CY68, Éire
