Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oícheanta Ólaíochta (Pint of Science)

18 Bealtaine 2026 - 20 Bealtaine 2026
09:00 - 22:00

Don fhéile PintOfScience (18-20 Bealtaine) i mbliana, tá sé i gceist againn leagan Gaeilge (Oícheanta Ólaíochta) a reáchtáil timpeall na tíre. Bhí ceithre cinn acu i nGaillimh cheana, agus bhaineamar an-sult astu ar fad. Tá a fhios againn go bhfuil taighdeoirí agus saineolaithe ar fud na háite, ar ndóigh, a mbeadh sásta cur i láthair neamhfhoirmeálta ~15 nóiméad a thabhairt sa phub, dírithe ar lucht éisteachta nach saineolaithe iad, ar ghné éigin dá gcuid oibre, so táimid ag iarraidh tacu leo é sin a bhaint amach – i nGaillimh agus in áiteanna eile nach í.
Ní gá a bheith líofa – níl ann ach píosa craic, agus deis álainn as an ngnáth an Ghaeilge a úsáid.

De ghnáth, bíonn “téamaí” i gceist do na hoícheanta i mBéarla, ach dúinne, le srian beag ar soláthar na gcainteoirí, fáilteofar roimh réimse ar bith!

CLÁRÚ:
Is féidir clárú mar chainteoir le PintOfScience anseo nó mar áisitheoir/oibrí deonach anseo (agus bígí cinnte léiriú go bhfuil spéis agat sna himeachtaí Gaeilge). Is é an spriocdháta s’acu ná Eanáir 30, ach fad is go bhfuil a dóthain spéise ann chun imeacht trí Ghaeilge a reáchtáil, is dóigh go mbeidh beagáinín solúbthacht againn).

Dá mbeadh suim agaibh, nó má tá ceist ar bith agaibh, ná bíodh drogall oraibh rphost a chur chugam!

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Pint of Science

Oícheanta Ólaíochta (Pint of Science)

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta