Oíche Ólaíochta – Gaillimh
20 Bealtaine 2026
19:00 - 21:30
Áras na nGael, 45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, H91 E1NY, Éire
Mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Pint Of Science ón 18-21 Bealtaine, i mbliana reáchtálfar ceithre imeacht as Gaeilge timpeall na tíre – i mBÁC, Conamara, Corcaigh agus Gaillimhe.
Is imeachtaí saor in aisce iad seo, ina dtéann ceithre taighdeoir/léachtóir go dtí an pub chun cuir i láthair gearra a dhéanamh, dírithe ar lucht éisteachta nach saineolaithe iad, ar ghné éigin dá gcuid oibre.
Bígí linn – foghlaim faoi STEM (eolaíocht, teicneolaíochta, innealtóireacht, agus mata) (don chuid is mó) as Gaeilge.
Fáilte roimh chách!
Is féidir tuilleadh eolais faoi na cuir i láthair éagsúla agus ticéid (saor in aisce) a chur in áirithe ag pintofscience.ie .
https://pintofscience.ie/event/oiche-olaiochta-1/
Ionad imeachta
- 45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, H91 E1NY, Éire

