Oíche Ghaelach le Niamh Shevlin agus Tailor’s Troubles
6 Márta 2026
18:30 - 22:30
Wilkin’s, Mín an Lábáin, F92 DX6N, Éire
Cuirfidh an rinceoir mór le rá Niamh Shevlin ceardlann damhsa ar fáil do pháistí ar 6:30pm i Wilkin’s Mín an Lábáin agus ansin beidh ceol agus craic againn leis an ghrúpa traidisiúnta iontach Tailor’s Troubles ó 8:00pm ag an Phreab-Ghaeltacht seo. Gan amhras, beidh deis ag muintir an cheantair teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid in atmaisféar cairdiúil Gaelach.
Eagraithe ag Gleann tSúilí CLG i gcomhpháirt le Coiste na dTuismitheoirí, Scoil an tSratha Mhór agus LPT Tuaisceart Dhún na nGall.
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Gleann tSúilí CLG
