Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oíche Dhrámaíochta agus Comhluadair

3 Márta 2026
20:30 - 23:00
Tigh Phádraicín, Na Forbacha, H91 YW68, Éire

Cuirfidh an grúpa drámaíochta ó Chlub Gaeilge Chois Fharraige  an dráma raidió “Is Fada Ó Chruise a Rugadh Muid” i láthair an phobail don chéad uair i Tigh Phádraicín, na Forbacha. Beidh míreanna ceoil agus amhránaíochta mar chuid de chlár na hoíche freisin. Beidh baill an Chlub gur foghlaimeoirí Gaeilge a bhformhór mar aon le pobal an cheantair mar lucht éisteachta agus rannpháirtíochta ar an oíche.  Bhunaigh grúpa ón bpobal áitiúil Club Gaeilge Chois Fharraige i mí an Mhárta 2015 chun deis a thabhairt do dhaoine nach as an nGaeltacht ó thús iad ach atá tar éis cur fúthu i gceantar Chois Fharraige, líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach agus le  teagmháil a éascú idir na daoine nua isteach agus an pobal seanbhunaithe. Tá grúpa drámaíochta mar chuid d’imeachtaí an Chlub agus scríobhann Máirín Mhic Lochlainn, ball den Chlub, gearrdhráma nua don ghrúpa chuile bhliain. Is é “Is Fada Ó Chruise a Rugadh Muid” an t-ochtú dráma raidió atá curtha ar fáil ag Máirín don Chlub. Is cainteoirí líofa Gaeilge  iad na hoirfidigh a ghlacfaidh páirt sa seisiún ceoil agus amhránaíochta. Is í Constance Patten, ball den Chlub Gaeilge, fidiléara traidisiúnta, a bhéas ag eagrú an ghné sin den oíche. Beidh crannchur ar siúl le linn na hócáide.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Club Gaeilge Chois Fharraige

Ionad imeachta

  • Na Forbacha, H91 YW68, Éire
Oíche Dhrámaíochta agus Comhluadair
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta