Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht: Glaoch ar Iarratais

11 Bealtaine 2026
09:00 - 17:00

Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2026, Dé hAoine 18 Meán Fómhair.

Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith don phobal a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíon, agus oidhreachta – saor in aisce.
Fáilteofar ach go háirithe roimh iarratais a spreagfaidh rannpháirtíocht chruthaitheach an phobail áitiúil agus roimh imeachtaí a thabharfaidh deis don aos óg páirt ghníomhach a ghlacadh iontu.
Cuirfear fáilte faoi leith roimh imeachtaí a mbeidh daoine a bhfuil dúshláin rochtana rompu in ann freastal orthu.

Uasmhéid maoinithe: €1,000

Spriocdháta d’iarratais: 4 Meitheamh 2026

Gach eolas: www.ealain.ie

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Ealaín na Gaeltachta
Ríomhphost: ealain@udaras.ie

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht: Glaoch ar Iarratais

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta