Oíche Chluichí | Déise Gaymers Eagrán Speisialta Sheachtain na Gaeilge
13 Márta 2026
18:00 - 21:00
WCQ Place – Community and Cultural Hub, 16-18 Sraid Uí Chonaill, Paróiste na Tríonóide (Lasmuigh), Cathair Phort Láirge, X91 KVN9, Éire
Eagrán speisialta Sheachtain na Gaeilge de Déise Gaymers – ár n-oíche chluichí atá ar siúl gach dara seachtain.
Beidh cluichí boird, cluichí grúpa, agus cluiche rólimeartha (RPG) speisialta bunaithe ar bhéaloideas na hÉireann ar siúl. A buíochas leis an gCiste Spreagtha, beimid ábalta cluichí Gaeilge a chur lenár leabharlann chluichí, ag cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i láthair ag ár seisiúin rialta feasta.
Tá fáilte roimh gach duine – cainteoirí Gaeilge, foghlaimeoirí, an pobal LADTA+, agus allies. Imeacht saor in aisce. Sonraí breise le teacht.
Instagram: @prideofthedeise
Ionad imeachta
- 16-18 Sraid Uí Chonaill, Paróiste na Tríonóide (Lasmuigh), Cathair Phort Láirge, X91 KVN9, Éire

