Oíche Cheoil le CLG Baile Buadáin Naomh Éanna
18 Meán Fómhair 2026
18:30 - 20:00
CLG Baile Buadáin Naomh Éanna, Bóthar Theach na Giúise, Baile Átha Cliath 16, D16 A2F8, Éire
Bain taitneamh as ceol traidisiúnta agus amhránaíocht den scoth ag imeacht Oíche Chultúir 2026, le haoi speisialta Mícheál Fitzgibbon, píobaire ó Chontae Luimnigh, chomh maith le ceoltóirí óga Chraobh Naithír agus an grúpa áitiúil Banna Céilí Chraobh Naithí. Is í Marcella Nic Niallaigh a bheidh ina bean an tí. Chomh maith leis sin, cruthófar spás neamhfhoirmiúil ina spreagtar na rannpháirtithe amhráin thraidisiúnta i nGaeilge a cheol agus a roinnt i dtimpeallacht shuaimhneach.
Ionad imeachta
- Bóthar Theach na Giúise, Baile Átha Cliath 16, D16 A2F8, Éire

