Ó Bhéal go Béal
Mar chuid d’Oíche Chultúir 2026.
Oíche amhránaíochta ar an sean-nós a dhéanfaidh ceiliúradh ar na hamhráin, na hamhránaithe agus na taifid a spreag glúin óg amhránaithe as Cois Fharraige.
Curtha i láthair ag an amhránaí sean-nóis Síle Denvir, beidh amhránaithe óga áitiúla ag roinnt amhrán a bhfuil ceangal ar leith acu leo, chomh maith le beagán cainte faoi na hamhránaithe, na guthanna agus na taifid a chuaigh i bhfeidhm orthu agus a spreag iad ina gcuid amhránaíochta féin.
Trí amhránaíocht agus comhrá, tabharfaidh Ó Bhéal go Béal blaiseadh den chaoi a maireann an traidisiún sean-nóis ó ghlúin go glúin agus den ról atá ag éisteacht, cuimhne agus an traidisiún béil i gcónaí i saol an tsean-nóis i gCois Fharraige.
Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026
20:00–21:00
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
Saor in aisce ach gá clárú ar Eventbrite: https://obhealgobeal.eventbrite.ie
Tá an imeacht Oíche Chultúir seo á chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.
Sonraí Teagmhála

